Gaelscoil Choláiste Mhuire
Scoil Éamonn Rís

Gaelscoil Choláiste Mhuire - Sráid Chathail Brugha

19-Meán Fómhair-25
Gaelscoil Choláiste Mhuire - Sráid Chathail Brugha
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na tuismitheoirí ar fad a bhí i láthair ag an oíche eolais, chun an t-aistriú go Sráid Chathail Brugha a mhíniú, oíche Chéadaoin, bhí slua iontach i láthair. Mar a mhínítear, beidh muid ag bogadh go Sráid Chathail Brugha an chéad seachtain Mhí na Nollag.
Tá an tinreamh deimhnithe mar seo a leanas:
Naíonáin Shóisearacha 70%
Naíonáin Shinsearacha 62%
Rang a hAon 80%
Rang a Dó 68%
Rang a Trí 65%
Rang a Ceathair 60%
Rang a Cúig 84%
Rang a Sé 63%
Is slua iontach é seo agus léiríonn sé tiomantas, díograis agus dúthracht phobal ár scoile.
D'iarr roinnt tuismitheoirí orm an bhféadfainn an cur i láthair PowerPoint a roinnt leo agus tá áthas orm a bheith in ann é seo a dhéanamh anois.
Mhínigh mé ag an gcruinniú gur shiúl mé an turas le roinnt tuismitheoirí nach raibh cinnte faoin turas agus dúirt siad go raibh sé thar a bheith tairbheach dóibh. Beidh áthas orm é seo a chur ar fáil d’aon duine ar mhaith leo é a dhéanamh liom nó má tá aon cheist nó imní ort, tar agus labhair liom ag am ar bith.
Ó shin i leith, fuair mé nuashonrú ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le glanadh sráide breise a chuirfear ar fáil do Shráid Cathal Brugha agus Shráid Mhaoilbhríde le linn ár bhfanachta, a bhuíochas le buanseasmhacht duine dár dtuismitheoirí iontacha (Mellisa). Beidh an ceantar mar chuid de thimthriall glantacháin 24 uair an chloig, rud a chiallaíonn go mbeidh trí sheal glantacháin ann thar gach tréimhse 24 uair an chloig!
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh go léir as ucht bhur gcuid rannpháirtíocht Dé Céadaoin agus as an tiomantas a thugamar go léir oibriú le chéile lena chinntiú go dtosaímid ag méadú an torainn agus an bhrú maidir lenár bhFoirgneamh Scoile Nua ar Shráid Dominick.
I want to thank all those parents that attended the information evening, to explain the move to Cathal Brugha Street, on Wednesday night, there was a fantastic turnout amongst the parent body. As explained, the Cathal Brugha Street building will be transferred to the school on 28th of November and we will move in the following week.
The confirmed attendance is broken down as below:
Naíonáin Shóisearacha 70%
Naíonáin Shinsearacha 62%
Rang a hAon 80%
Rang a Dó 68%
Rang a Trí 65%
Rang a Ceathair 60%
Rang a Cúig 84%
Rang a Sé 63%
This is a phenomenal turnout and shows the commitment, enthusiasm and dedication of our school community.
Some parents have asked if I could share the PowerPoint Presentation with them and I am pleased to be in a position to do this now.
I explained at the meeting that I had walked the walk with some parents that were unsure of the journey and they said it was extremely beneficial to them. I will be happy to provide this to anyone that would like to do it with me or if you have any questions or concerns please come and speak to me at any time.
I have since received an update from DCC regarding additional street cleaning that will be provided for Cathal Brugha Street and Marlborough Street for the duration of our stay, thanks to the persistence of one of our wonderful parents (Mellisa). The area will be part of a 24-hour cleaning cycle, which means there will be three cleaning shifts over every 24-hour period!
I want to thank you all for your contributions on Wednesday Night and the commitment we all made to work together to ensure that we start to increase the noise and the pressure regarding our New School Building on Dominick Street.
Gaelscoil Choláiste Mhuire , Cathal Brugha Street, Dublin 1 , D01 HV58
01 872 9131
Enquire
Location
© 2026 Gaelscoil Choláiste Mhuire